Teach Mhicí Mhic Gabhann

MACHAIRE RABHARTAIGH

Suite i mbaile fearainn Dhoire Chonaire, is é Teach Mhicí Mhic Gabhann áit chónaithe Mhicí Mac Gabhann (1865-1948). D’fhág Micí Mac Gabhann an baile le cúpla punt a shaothrú. Fear áitiúil ba ea é, a chaith seal sa Lagán agus in Albain sular bhog sé go dtí na Stáit Aontaithe. Rinne Seán Ó hEocaidh (1913-2002), Coimisiún Béaloidis na hÉireann, scéal a shaoil a bhreacadh síos mar ‘Rotha Mór an tSaoil’. Is sampla iontach é an teach seo do stíl ailtireachta áitiúil Dhún na nGall, mar shampla, an díon tuí, an breis-sheomra slinne agus an chailleach (cineál leapa).

Uaireanta Oscailte: Le coinne amháin
Guthán:  +353 (0)74 913 5556
R-phost: ionadmr@ireland.com