Ionad Cois Locha

DÚN LÚICHE

Suite ar bhruach Loch Dhún Lúiche, tá Ionad Cois Locha bunaithe ar theach stairiúil Manus Ferry, fíodóir a raibh clú agus cáil air. I measc na nithe is díol spéise atá ann, tá taispeántas fíodóireachta, taispeántas closamhairc, áit súgartha eachtraíochta, ainmhithe feirme agus siúlóidí cois locha. Téigh ar bord ceann de na báid seanchais agus gheobhaidh tú radharc maith agat ar an Earagail agus ar eibhear Chró Nimhe, agus rachaidh tú thar shuíomh crannóige réamhstairiúla. Bíonn imeachtaí ceoil ar siúl go rialta.

Suíomh gréasáin:  www.dunleweycentre.com