Ionad Oidhreachta Iarnróid Dhún na nGall

BÓTHAR THÍR CHONAILL, BAILE DHÚN NA nGALL

Suite in iarstáisiún traenach, cuimsítear san ionad oidhreachta seo taispeántais chlosamhairc, déantáin agus earraí cuimhneacháin iarnróid, cartlann grianghraf, iarnród mionsamhla, láthair phicnicí agus siopa earraí iarnróid. Lasmuigh den stáisiún tá cóiste 28, leantóir cairr iarnróid 5, innill ghluaiste díosail de chuid Ruston agus Bosca Comharthaí an Bhaile Nua arna n-athchóiriú.

Suíomh gréasáin:  www.countydonegalrailway.com