Teach an Chabháin Chorr

BAILE AN DROICHID                                                                                            

Baile dúchasach James Knox Polk, an 11ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ó 1845 go 1849, is ea an teach príobháideach seo a théann siar go dtí an seachtú haois déag. D’ith agus d’ól Rí Séamas II a sháith faoi chrann seiceamair ar fhaiche tosaigh an tí ar an 20 Aibreán 1689, tráth a raibh Léigear Dhoire ar bun. Mar thoradh ar an bhfáilte ghnaíúil a cuireadh roimh an Rí, níor dódh Teach an Chabháin Chorr go talamh in ainneoin gur dhóigh na trúpaí Seacaibíteacha na tithe eile ar fad sa cheantar agus iad ag cúlú ón áit. Is mar gheall air sin gurb é Teach an Chabháin Chorr an teach plandála áitrithe is sine sa cheantar. Tá gailearaí ealaíne comhaimseartha atá suite ar an láithreán ar oscailt don phobal.

Uaireanta Oscailte:  Gailearaí: Máirt – Satharn: 12:00 i.n. – 6:00 i.n.  

Breis eolais: www.cavanacorgallery.ie