Músaem Daon-Sráidbhaile an Athar McDyer

GLEANN CHOLM CILLE

Cuireadh an músaem daon-sráidbhaile ar bun sa bhliain 1967. Is é an tAthair James McDyer, a bhog go Gleann Cholm Cille sa bhliain 1951, a bhrúigh a bhunú chun cinn d’fhonn tionscail bhaile áitiúla a chur chun cinn agus áiseanna níos fearr a chur ar fáil sa pharóiste. Tógadh an Cláchán amhail is dá mba sráidbhaile é, agus atógadh teaghaisí ón 18ú, 19ú agus 20ú haois, mar aon le Teach Scoile Dooey ón 19ú haois mar chuid den togra. Tá ann i ngach foirgneamh déantáin agus taispeántais a bhfuil baint acu leis an aois chuí. Osclaíodh dhá theach taispeántais nua sa daon-sráidbhaile le gairid: teach tábhairne traidisiúnta/grósaeir/gréasaí agus teachín iascaire, atá tiomnaithe do stair na hiascaireachta i nGleann Cholm Cille.

Suíomh gréasáin:  http://www.glenfolkvillage.com