Iostáin Lurgyvale

CILL MHIC RÉANÁIN

Iostán faoi dhíon tuí is ea Iostán Lurgyvale, a théann siar 150 bliain, agus ina bhfuil teallach oscailte agus urlár leac. Nuair a bhreithnítear ar na foirgnimh agus ar a bhfuil iontu, is léir an saol traidisiúnta agus an stíl mhaireachtála thraidisiúnta a bhí ag na daoine a raibh cónaí orthu anseo. Taispeántas beag d’uirlisí feirme. Is féidir le cuairteoirí dul ar shiúlóid taobh thiar den iostán ar chosáin a théann síos go dtí bruach coillteach an Lorgaigh. Eagraítear taispeántais ar cheirdeanna traidisiúnta le linn an tsamhraidh, amhail sníomhachán, súisteáil, maistreadh, agus déanamh téide tuí.

Uaireanta Oscailte: Luan – Aoine: 10:00 r.n. – 4:00 i.n. agus an Domhnach 1:00 i.n. – 6:00 i.n.
Guthán:  +353 (0)86 326 0256
R-phost: thatchedcottageskilmacrenna@gmail.com