Teach Volt

AN DIAMANT, RÁTH BHOTH

Tógadh Teach Volt sa bhliain 1732 do bhaintreacha sagart éagtha.  Cuirtear in iúl i gCuimhní Cinn na Suirbhéireachta Ordanáis (1835-1836) gur thug béaloideas áitiúil le fios ag an am gur tugadh ‘Volt House’ ar an teach i mBéarla mar gheall ar go gcuirtí manaigh sna boghtaí (‘Vaults’) ar a bhfuil an teach tógtha.  Tá ar taispeáint i gceann de sheomraí Theach Volt déantáin agus cartlanna áitiúla a bhfuil baint acu leis an bhfeirmeoireacht agus le modhanna maireachtála eile.  

Uaireanta Oscailte:  Le coinne amháin

Guthán:  +353 (0)74 917 3966

Ríomhphost:  volthouse@eircom.net